Thursday, November 19, 2009

Bás na Bó, le Liam Ó Flaithearta

Rugadh marbh an lao. Tháinig sé in aghaidh a chos agus luigh sé ar an bhféar glas ina mheall dearg sleamhain, a cheann casta siar ar a dhroim.

Sheas siad timpeall air, ag craitheadh a gceann, gan focal astu. "Sé toil Dé é," adúirt bean an fhir ar leis an bhó.

Thosnaigh an bhó ag éagaoine; ar mire le tinneas beirthe. Ansin chas sí go tromchosach, a crúba ag brú síos na talún faoin mheáchan a coirp.

Chrom sí ar an lao, ag éagaoine agus í á bholú. Ansin thosnaigh sí á liachaint lena teanga gharbh go grámhar.

Do chimil an bhean clár éadain na bó agus bhris deor faoina súil: ba mháthair í féin.

Chinn an phian ar an mbó ansin. D'imigh sí ón lao. Sheas sí agus a ceann fúithi, a hanál ag teacht go tiubh as a polláirí. Do tháinig a hanál i gcolúna fada caola, mar bheadh dhá ghath gréine ag sileadh isteach imeasc breacsholais teampaill, trí fhuinneog ghloine-dhaite.

Dhíbrigh siad siar í go ceann na páirce. Sheas sí, a ceann thar an gclaí, go tuirseach, ag lascadh a taobhanna lena heireaball.

Rug siad ar an lao agus thug leo é trasna na páirce go dtí an claí; á tharraingt ar an talamh, amach tríd an gclaí go páirc eile, amach trí chlaí eile fós, suas ardán féarach go bruach na haille.

Chaitheadar síos sa bhfarraige é.

Thit sé ina mheall gan cruth ar charraig. Thogadar na clathacha arís go cúramach agus tháinig siad ar ais go dtí an bhó.

Thairg an bean deoch mhin choirce dhi ach dhiúltaigh sí an deoch. Rugadar uirthi ansin, agus dhoirteadar an deoch síos a scornach trí adharc thairbh. Shlog an bhó leath na dí. Chuir sí uaithi an chuid eile den deoch, ag casadh a béil go fiánta.

D'imigh siad abhaile ansin, an bhean ag caoineadh an lao agus ag déanamh a gearáin le Dia. D'fhan a fear leis an mbó ag faire an tsalachair. Chuir sé an salachar faoi charnán cloch. Ansin thóg sé beagán créafóige ina láimh agus rinne comhartha na croise leis ar thaobh dheis na bó.

D'imigh seisean abhaile.

D'fhan an bhó i bhfad ag dearcadh thar an gclaí gur laghdaigh a tinneas. Chas sí go tobann, gur lig géim is gur chraith a ceann.

Thug sí rith te reatha, a cosa ag snapadh. Sheas sí arís. Ní fhaca sí rud ar bith léi sa bpáirc. Ansin rith sí thart fán chlaí, ag cur a cinn thairis anseo is ansiúd agus ag géimneach go fiánta agus go cráite. Níor freagradh í. An macalla féin níor tháinig ar ais chuici. Chuaigh sí chun fiántais, do réir mar tháinig tuiscint di go raibh a lao ar iarraidh. Bhí a súile ag éirí ruaimneach agus iad ar nós súl tairbh. Thosnaigh sí ag smúracht na talún agus fuirse siúil fúithi, á treascairt sna tomacha féir.

Seo é an áit ar luigh sí roimh an bhreith, ar thaobh ardáin, an féar brúite faoi mheáchan a coirp. Siúd é an áit ar rugadh an lao; an talamh tochailte ag cosa na bhfear agus an chréafóg dhonn le feiscint aníos tríd an bhféar feoite.

Fuair sí boladh an lao san áit ar thit sé. Bhreathnaigh sí ina timpeall go fíochmhar. Chuir sí srón le talamh. Lean sí lorg coirp an lao tríd an bhféar go dtí an claí. Stad sí ag an gclaí, ag smúracht ar feadh i bhfad agus iontas uirthi cá ndeachaigh an lorg thairis sin. Ar deireadh bhrúigh sí roimpi an claí. Leag meáchan mór a coirp é. Ghearr na clocha a hucht, ach bhrúigh sí níos déine le neart uafáis, go ndeachaigh sí tríd an mbearna. Gearradh a hioscad chlé in aice an útha. Níor thug sí aird ar an bpian ach chuaigh ar aghaidh a smut le talamh.

Neartaigh a siúl. Anois agus arís chroch sí a ceann, gur lig búir - búir ghada, thruamhéileach; mar bheadh meall gaoithe ag timpeallú coirnéil.

Ag an dara claí stad sí arís. Ansin bhrúigh sí ar aghaidh. Thit sé roimpi. Ar dhul tríd an mbearna gearradh gach taobh léi sa mbléin. Do shil an fhuil anuas go casta, ag deargadh stríoca geal a bhí ar a taobh clé.

Seo suas an t-ardán í go dtí barr na haille. Thosnaigh sí ag craitheadh. Chas sí go tobann i leataobh, nuair a chonaic sí an fharraige agus nuair chuala sí an torann trom thíos amach: na tonntracha móra ag briseadh ar an gcarraig agus na héanacha ag scréachaíl go géar garg. Do bholaigh sí an t-aer, agus iontas uirthi. Chuaigh sí ar aghaidh go mall iar sin. Ar bhruach na haille, áit a raibh críoch leis an bhféar agus sraith gairbhéil ag fánadh thar bruach, rith sí in ndiaidh a cúil, ag géimneach ar mire. Tháinig sí ar ais arís. Chuir sí an dá chrúib thosaigh go haireach ar an ngairbhéal agus bhreathnaigh sí amach. Bhí deireadh le lorg a lao anseo. Níorbh fhéidir léi a leanúint níos faide. Bhí sé caillte sa doimhneas amuigh thar an mbruach. Shíl sí an t-aer a smúracht, ach níor tháinig faic go dtí n-a polláirí ach boladh goirt na farraige.

Thosnaigh sí ag éagaoine, a taobh ag at agus ag creathnú le rith na hanála. Ansin bhreathnaigh sí síos agus chonaic sí a lao caite ar an gcarraig fúithi.

Ghéimnigh sí go lúcháireach. Rith sí soir siar ar bharr na haille, ag cuartú bealach le dhul síos chuig an lao, ag smúracht thall agus abhus, ag dul ar a glúine, ag deasú síos.

Ach ní raibh strapa le fáil. Tháinig sí ar ais arís, a cosa deiridh ag lascadh sa rith, go dtí an áit ar caitheadh síos an lao.

Is fada a d'fhan sí ag féachaint síos air gan cor aisti. Ansin do ghéimhigh sí in ard a cinn, ach freagra ní bhfuair sí. Chonaic sí an taoille ag teacht isteach, ag timpeallú na carraige ar a raibh an lao. Do ghéimnigh sí arís. Tháinig na tonntracha ar shála a chéile, timpeall ar an gcorp. Thosnaigh sí ag búirthíl agus ag casadh a chinn go fiánta, mar bheadh sí ag iarraidh an fharraige a chur ar gcúl lena hadharca.

Ansin tháinig maidhm mór millteach isteach. Scuab sé an lao den charraig.

Chuir an bhó búir aisti agus síos léi.

No comments:

Post a Comment